Creat Corpoideachais na Sraithe Sinsearaí

Is é is aidhm le creat corpoideachais na sraithe sinsearaí ná rannpháirtíocht mhuiníneach, thaitneamhach agus oilte an fhoghlaimeora sa ghníomhaíocht choirp a spreagadh le linn dó a bheith ag gabháil don tsraith shinsearach agus níos faide anonn sa saol. Tá an Creat struchtúraithe thart ar sé mhúnla curaclaim.   Tá léarscáil mhionsonraithe i ngach múnla, lena n-áirítear treoir maidir le réasúnaíocht, pleanáil, cur i bhfeidhm agus measúnú, agus is féidir úsáid a bhaint as gach ceann acu agus clár corpoideachais á cheapadh sa tsraith shinsearach.

Is iad na múnlaí ná:

  • Gníomhaíocht choirp ar son na sláinte
  • Oideachas spóirt
  • Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp
  • Oideachas eachtraíochta
  • Freagracht phearsanta agus shóisialta
  • Teagasc cluichí le haghaidh tuisceana

Déantar forbairt sa chreat ar fhoghlaim an scoláire roimhe sin i gcorpoideachas na bunscoile, i ngearrchúrsa corpoideachais na sraithe sóisearaí agus i gCreat Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí (JCPE) 

Tá an creat le haghaidh Corpoideachas na Sraithe Sinsearaí ar fáil anseo.

 

Amharc ar an eiseamláiriú físeáin le haghaidh gach ceann de na múnlaí atá á gcleachtadh anseo.