Eolaíocht Talmhaíochta

Tá sonraíocht nua Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Forbairt Ábhair

I ndiaidh comhairliúchán tosaigh ar Pháipéar Cúlra i Samhain-Nollaig 2014 agus Tuarascáil Chomhairliúcháin i Márta 2015, forbraíodh dréachtsonraíocht d’Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta.

Is é is aidhm le hEolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta ná go mbeidh an foghlaimeoir in ann:

  • léirthuiscint a fháil ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar an idirbheartaíocht idir an duine agus é agus le húsáid oiriúnach a bhaint as a chuid acmhainní, agus é ag aithint an ghá le cur chuige réasúnach agus cothrom maidir le mí-úsáid na n-acmhainní seo i gcomhthéacs áitiúil agus domhanda.
  • an gá le straitéisí ábhartha agus polasaithe don tionscadal agraibhia a aithint, agus an tábhacht dhomhanda a bhaineann leo agus deiseanna le haghaidh nuálaíochta agus fiontraíochta a aithint i gcomhthéacs margaí áitiúla, réigiúnacha agus domhanda.
  • a chuid eolais agus scileanna eolaíochta a fhorbairt, i gcomhthéacs cleachtais talmhaíochta, agus an tuiscint atá aige ar cheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis na cleachtais seo a mhéadú.

Is féidir teacht ar an tuarascáil chomhairliúcháin agus ar an doiciméad eolais tríd na naisc seo a leanas:

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha Eolaíocht Talmhaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.