Matamaitic

Tógtar ar an bhfoghlaim atá déanta sa tSraith Shóisearach i Matamaitic na Sraithe Sinsearaí agus forbraíonn sé eolas matamaiticiúil, scileanna agus an tuiscint atá ag teastáil chun dul ar aghaidh leis an oideachas, an saol agus an obair. Tríd an staidéar atá déanta aige ar an matamaitic, forbraíonn an scoláire bealach solúbtha, smachtaithe a chumasaíonn é chun fadhbanna a réiteach i gcomhthéacsanna matamaiticiúla agus réadúla.

Is é cuspóir mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí go bhforbróidh gach scoláire oilteacht sa mhatamaitic. Tá níos mó ná gnáth-líofacht i gceist le hoilteacht sa Mhatamaitic agus déantar cur síos ar leith air sa siollabas mar

  • tuiscint choincheapúil – léirthuiscint ar choincheapa, oibríochtaí agus gaolta matamaiticiúla
  • gnáth-líofacht –scil chun gnásanna a dhéanamh go solúbtha, go beacht, agus go cuí
  • inniúlacht straitéiseach–an cumas fadhbanna matamaiticiúla a cheapadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu
  • réasúnaíocht oiriúnaitheach–an cumas chun smaoineamh go loighciúil, machnamh, míniú, údar a thabhairt agus cumarsáid
  • dearcadh dearfach –féachaint ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach, mar aon le creideamh i ndúthracht, buanseasmhacht agus éifeachtúlacht an duine féin.

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí i scoileanna i dtrí chéim mar chuid den tionscnamh Tionscadal Mata a tosaíodh i mí Mheán Fómhair 2010. 

Tá tuarascáil taighde á coimisiúnú chun amharc ar an tionchar a bhí ag an tionscnamh Tionscadal Mata ar thaithí an scoláire ar an matamaitic agus beidh sé mar bhonn eolais ag athbhreithniú ar an ábhar.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Matamaitice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.