Staidéar Clasaiceach

Baineann Léann Clasaiceach na hArdteistiméireachta le gach gné de na sibhialtachtaí ársa a bhíodh sa Ghréig agus sa Róimh agus leis an tionchar a imríonn siad fós ar an saol nua-aimseartha. Is ionann é agus staidéar ar theangacha, cultúr, stair, litríocht, ealaín agus ailtireacht, drámaíocht agus fealsúnacht na sibhialtachtaí ársa sin. Ach tuiscint a fháil ar fhorbairtí polaitiúla, míleata, reiligiúnacha, fealsúnachta, teicneolaíochta, ealaíonta agus aeistéitiúla na Sean-Ghréagach agus na Sean-Rómhánach, foghlaimíonn an scoláire faoin gcaoi a gcuireann an saol mar a bhíodh bonn faoin lá atá inniu ann fós agus faoin gcaoi a n-imríonn sé tionchar ar chultúir agus ar theangacha an tsaoil nua-aimseartha.

Tá sonraíocht nua á forbairt do Léann Clasaiceach na hArdteistiméireachta.

Tá siollabas reatha Léann Clasaiceach na hArdteistiméireachta ar fáil anseo.

Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Cuireadh tús le sonraíocht nua a fhorbairt do Léann Clasaiceach na hArdteistiméireachta i mí na Samhna 2016. Foilseofar dréacht-sonraíocht anseo níos deireanaí i mbliana.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha an Léinn Chlasaicigh ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.