Oideachas Sóisialta agus Imshaoil

Foghlaim tuilleadh

Cuireann Oideachas Sóisialta agus Imshaoil le tuiscint agus le forbairt na bpáistí ar na gnéithe agus próisis stairiúla, thíreolaíocha agus sochaí den saol, gnéithe agus próisis atá ceangailte le chéile.

Tacaíonn sé le feasacht na bpáistí ar an domhan, lena léirthuiscint dó agus lena dtuiscint air trí bheith ag foghlaim faoin éagsúlacht shaibhir pobal: a n-eispéiris, a gcultúir, a gcreidimh agus a dtimpeallachtaí ag amanna éagsúla, in áiteanna éagsúla agus i gcúinsí éagsúla. Cabhraíonn sé le páiste tuiscint a fhorbairt ar na timpeallachtaí daonna agus nádúrtha agus an caidreamh idir eatarthu.

Trí Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, forbraíonn páistí na dearcthaí, na coincheapa, na meonta, an t-eolas, na scileanna, agus na luachanna a spreagann iad agus a chumasaíonn iad le bheith ina saoránaigh eolacha agus ghníomhacha a chuireann todhchaí níos inbhuanaithe chun cinn. Déantar é seo ar bhealach níos fiúntaí agus níos cumhachtaithe trí shainaithint, iniúchadh agus imscrúdú gníomhach na bpáistí ar dhúshláin agus ar dheiseanna áitiúla, náisiúnta agus domhanda, san am atá thart agus san am i láthair. Dá réir sin, tagann páistí ar thuiscint agus ar léirthuiscint ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí bunúsacha mar chaomhnóirí an phláinéid seo.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM.

Tá comhairliúchán oscailte anois ar an Dréachtsonraíocht Churaclam an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil.

Dréachtsonraíocht Churaclam an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil

Ba bhreá le CNCM d’aiseolas agus do thuairimí a chloisteáil. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomhairliúchán agus conas is féidir leat a bheith páirteach ann, téigh chuig ár leathanach comhairliúcháin tiomnaithe

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh Oideachas Sóisialta agus Imshaoil a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha OSI san obair seo. Tá ionadaithe ar an meitheal forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó eolais faoi phróisis forbartha an CNCM agus comhaltaí ar na meithleacha forbartha, tabhairt cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha OSI thíos.

Tá athbhreithniú córasach litríochta déanta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Trionóide BÁC thar ceann an CNCM chun tacú le sonraíocht don OSI a fhorbairt. 

> Oideachais Sóisialta agus Imshaoil: Athbhreithniú Córasach Litríochta